Luke 23:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.