Luke 23:46 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ansin dʼéigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, dʼfhág an anáil é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: «A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh. Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.