Luke 23:51 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
fear cóir fíréanta (níor aontuigh sé le ’n‐a gcómhairle ná le n‐a ngníomh), fear as Arimatéa, cathair de chathrachaibh na nIúdach, do bhí ag súil le ríoghacht Dé:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Aramatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.