Luke 23:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic Ioruath Íosa, do bhí an‐áthas air: óir do b’fhada do bhí sé ag súil le n‐a fheicsin, de bhrigh go gcuala sé trácht air; agus do bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin d’á déanamh aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Iorua Íosa, bhí an-lúcháir air, mar bʼfhada é ag tnúth le hamharc a fháil air, agus dóchas aige le comhartha éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b' é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; ba é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil dá déanamh aige.