Luke 24:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh se a sdeach dfuireach aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do chuireadar tathant air, g‐á rádh, Fan againne: óir atá sé ’n‐a thráthnóna, agus atá an lá caithte cheana féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach ní ghlacfaidís diúltú uaidh, á rá, “Fan againn, mar tá tráthnóna beag ann agus tá an lá beagnach caite.” Mar sin chuaigh sé isteach le fanacht acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus rinne siad tathant air á rá: «Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.» Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus rinne siad tathant air dá rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.