Luke 24:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar seisean leo ina dhiaidh sin, “Sin é an méid a dúirt mé libh nuair a bhí mé agaibh go fóill, go gcaithfeadh gach uile ní atá scríofa fúmsa i ndlí Mhaois agus ag na fáithe agus sna sailm a bheith á chomhlionadh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt sé leo: «Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: 'Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomh-líonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’”