Luke 3:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ba é a fhreagra orthu, “An té a mbíonn dhá chóta aige, roinneadh sé leis an té atá gan chóta; agus an té a mbíonn bia aige, déanadh sé mar an gcéanna.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo á bhfreagairt: «An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”