Luke 3:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuireadar na saighdiúirígh fós ceisd air, ag rádh, Agus créad do dhéunuimne? agus a dubhairt seisean ríu, Ná déunaidh foiréigean ar dhuine ar bith, agus ná hagraidh duine ar bith go heugcórach agus go madh lór libh bhur dtúarasdal féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí saighdiúirí ann a dʼfhiafraigh de, “Cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus dúirt sé leo, “Ná robálaigí aon duine le foréigean ná le dúmhál, agus bígí sásta le bhur dtuarastal.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: «Agus cad tá le déanamh againne?» Agus dúirt sé leo: «Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”