Luke 3:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fheagair Eóin, ag rádh ríu uile, Baisdeamsa sibh go deimhin lé huisge; achd a tá neach is nearthmhuire ná misi ag teachd, ag nach fiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh: baisdfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh agus lé teinidh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
thug Eoin freagra orthu uile go léir, “Ní bhímse do bhur mbaisteadh ach le huisce; ach tá sé ag teacht, an té is cumhachtaí i bhfad ná mise, nach fiú mé oiread agus iallacha a bhróg a scaoileadh; agus sin an té a dhéanfas bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
d' fhreagair Eoin á rá leo uile: «Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.