Luke 3:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tá an dallán ina láimh aige leis an arbhar a cháitheadh, lena urlár buailte a ghlanadh, agus cruinneoidh sé an chruithneacht isteach ina iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine dho-mhúchta.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”