Luke 3:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcur an aghaidh Iórúaith an Téatrarca dhó, fá Heródias bean Philip a dhearbhrathar, agus fá gach uile olc dá ndearna Iorúaith,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí casta aige le hIorua an teitrearch faoi Heródias, bean a dhearthár, agus faoina raibh déanta aige de mhíghníomhartha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na droch-bhearta uile a bhí déanta aige,