Luke 3:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar a tá sgríobhtha a leabhar comhráidhteagh Esaías fáidh, a deir, Guth an té éighmheas ar an bhfásadh, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasáin díreach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh, Guth an té ag glaodhach sa bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh, “Glór an té a scairteas san fhásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, déanaigí a chosáin díreach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: «Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.