Luke 3:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: «A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?