Luke 3:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”