Luke 4:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus dʼéirigh sé ina sheasamh a léamh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d' éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig sé go Nazarat, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus mʼéirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.