Luke 4:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Tá Spiorad an Tiarna orm, ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht. Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaigh agus athghabháil amhairc do na daill, lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;