Luke 4:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé leo: «Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: 'A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an sean-fhocal: ‘A lia, leigheas thú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáúm, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’”