Luke 4:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adeirim libh le fírinne, gurbh iomdha baintreabhach do bhí i nIsrael i laethibh Éliais, an tráth ’n‐a raibh an spéir dúnta ar feadh trí bliadhan agus sé mí, an tráth ’n‐a raibh gorta mhór sa tír ar fad;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,