Luke 4:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus d’éirigheadar, agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do rugadar leo é go malaidh an chnuic ar a raibh a gcathair suidhte, d’fhonn a chaitheamh le fánaidh síos.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus d' éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus mʼéirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.