Luke 4:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus imigh amach as.» Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d' imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair cách é agus dʼimigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.