Luke 4:36 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: «Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí alltacht ar cách agus bhí siad ag caint eatarthu féin ag rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”