Luke 4:38 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air a son.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair d’éirigh sé, ag imtheacht ó’n tsionagóig dó, do chuaidh sé isteach i dtigh Shíomóin. Agus do bhí fiabhras trom ar mháthair mná Shíomóin; agus do chuireadar athchuinghe ar a son air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirigh sé agus dʼfhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son.