Luke 4:40 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag dul faoi do’n ghréin, na daoine go raibh muinntear leo tinn le galaraibh ar bith, thugadar chuige iad; agus do chuir sé a lámha ar gach duine aca, agus do leigheas sé iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu dʼaicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sórt galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.