Luke 4:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe don lá, do imthigh sé a mach, agus do chúaidh sé a nionad fasamháil: agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar chuige, agus do bhádar dá chonghbhail, do chum nách achradh sé úatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le gealadh an lae, tháinig sé amach agus chuaidh sé amach go h‐áit fhásamhail: agus do bhi na sluaighthe g‐á lorg, agus thángadar chum na h‐áite ’n‐a raibh sé, agus do bhíodar ag iarraidh a chongbháil, chum nach n‐imtheochadh sé uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí sé ina neart lae dʼimigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite dá lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí dá choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu.