Luke 4:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt sé leo, Caithfidh mé déigh‐scéala ríoghachta Dé do chraobhscaoileadh ins na cathrachaibh eile, chómh maith: óir is chuige sin do cuireadh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach is é a dúirt sé leo, “Caithfidh mé dea-scéala ríocht Dé a fhoilsiú do na cathracha eile freisin; mar is le sin a dhéanamh a cuireadh chugaibh mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé leo: «Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.