Luke 4:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt an diabhal leis, Do‐bhéarfad duit‐se an chumhacht uile sin, agus a mórdhacht: óir tugadh damh‐sa é; agus tig liom a bhronnadh ar an té is rogha liom.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt an diabhal leis: «Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an for-lámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim do cibé is áil liom é.