Luke 5:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bʼamhlaidh do Shéamas agus dʼEoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus mar an gcéanna do Shéamas agus d' Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: «Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus mar an gcéanna do Shéamas agus dʼEoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”