Luke 5:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, féuch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, nuair do bhí sé i gceann de na cathrachaibh, féach, fear do bhí lán de lobhra; agus ar fheicsin Íosa dhó, do thuit sé ar a aghaidh roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr dʼimpí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: «A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air dá rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”