Luke 5:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais.