Luke 5:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chinn ortha caoi d’fhágháil chum a thabhairt isteach mar gheall ar an sluagh, do chuadar suas go bárr an tighe, agus do leigeadar síos tré lár na slinn é féin agus an tocht, i bhfiadhnaise Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.