Luke 5:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: «Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?