Luke 5:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do chum go mbeith a fhíos agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ughdarás ag Mac an Duine ar talamh chum peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim leat, Éirigh, agus tóg do thocht, agus téirigh chum do thighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh deirim leat,» ar seisean leis an bpairiliseach, «éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh–deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.”