Luke 5:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d' iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.