Luke 5:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼinis sé fáithscéal dóibh freisin: “Ní stróiceann aon duine píosa as éadach nua go gcuireann é ar sheanéadach; mar má dhéanann sé amhlaidh, ní dhéanfaidh sé ach an t‑éadach nua a stróiceadh, agus gan an píosa as an éadach nua ag cur leis an seanéadach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé parabal leo: «Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.