Luke 5:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní chuireann aon duine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: óir réabfaidh an fíon úr na buidéil leathair, agus doirtfear an fíon, agus caillfear na buidéil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní chuireann duine ar bith fíon nua isteach i seanseithí; mar má dhéanann, réabfaidh an fíon nua na seithí agus doirtfear é, agus millfear na seithí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.