Luke 6:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhéach sé ’n‐a thimcheall ortha uile, agus adubhairt sé leis, Sín amach do lámh uait. Do shín, agus do bhí a lámh slán aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼamharc sé orthu uile as éadan, agus dúirt sé leis sin, “Sín amach do lámh.” Agus rinne seisean amhlaidh, agus leigheasadh a lámh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: «Sín amach do lámh.» Shín, agus bhí a lámh slán arís.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.