Luke 6:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.