Luke 6:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar Neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.