Luke 6:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má bheir sibh iasacht dóibh‐sean gur dóigh libh go bhfaighidh sibh nidh uatha, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? Óir do‐bheir na peacaigh féin iasacht uatha chum an oiread céadna d’fhágháil ar ais arís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís a oiread céanna ar ais.