Luke 6:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhuil an deisceabal os cionn a mháighistir: acht an té atá diongbhálta béidh sé mar a mháighistir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níl an foghlaimeoir os cionn a oide, ach an té a bhfuil an t‑iomlán foghlamtha aige bíonn sé ar aon dul lena oide.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.