Luke 6:48 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
is cosmhail é le fear do bhí ag tógáil tighe, agus do thochail go doimhin síos sa talamh, agus do chuir an bun ar an gcarraig: agus nuair tháinig an tuile, do bhuail an rabharta i gcoinnibh an tighe sin, agus níor fhéad sé a chorrú: óir do bhí sé tógtha go daingean.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
is cosúil é le fear a bhí ag tógáil tí, a thochail go domhain, agus a leag an chloch bhuin ar an gcarraig; agus nuair a dʼéirigh an díle, tháinig an tuile thar an teach úd, ach níor fhéad sí corraí a bhaint as ó bhí sé tógtha go maith.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sí é a bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.