Luke 6:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Íosa leo, “Is í an cheist a chuirim oraibh, cé acu den dá ní sin is ceadmhach lá na sabóide, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh, beo duine a tharrtháil nó bás duine a thabhairt?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”