Luke 7:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí a bhriathra go léir críochnuighthe aige i n‐éisteacht na ndaoine, do chuaidh sé isteach i gCafarnaúm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ansin nuair a bhí a ráite uile éiste ag an slua shiúil sé leis isteach i gCaparnáum.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomh-chlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáúm.