Luke 7:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé go cathair ar a dtugtar Náin, agus do chuaidh a dheisceabail agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór dá thionlacan.