Luke 7:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, féuch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, bʼshiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh dá thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.