Luke 7:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan thangadar na firsi shuigesean, a dubhradar, Do chuir Eóin Baisde sinne chugad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig na fir chuige, adubhradar, Do chuir Eoin Baiste chugat‐sa sinn, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a tháinig na fir chuige, dúirt siad, “Chuir Eoin Baiste chugat sinn, á rá, ‘An Tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: «Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: 'An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn dá rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?’”