Luke 7:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí dʼEoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: «Imígí agus insígí d' Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.