Luke 7:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é sin an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, cuirim mo theachtaire ar d’aghaidh amach, Agus réidhteochaidh sé do shlighe rómhat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala, an té a réiteos do shlí romhat.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ' Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’