Luke 7:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(Agus nuair do‐chuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’admhuigheadar fíréantacht Dé, d’á mbaisteadh féin le baisteadh Eoin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
(Agus dʼadmhaigh na daoine uile, go fiú bailitheoirí na gcánacha, a bhí i ndiaidh an chaint sin a chluinstin uaidh nach raibh Dia ach ag baint a cheart amach orthu agus iad á mbaisteadh le baiste Eoin;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.