Luke 7:34 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: 'Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’